Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Foirm teagmhála an Uachtaráin - Ráiteas príobháideachais

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n‑úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t‑eolas maidir le próiseáil sonraí a bhaineann leis an bhfoirm teagmhála ar leathanach gréasáin Uachtarán an Choimisiúin, próiseáil a dhéanann Ard‑Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach, Stiúrthóireacht B ‘Straitéis agus Cumarsáid Chorparáideach’, Aonad B.3 ‘Cumarsáid Ghréasáin Europa’ (COMM.B.3).

Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Déanann an tAonad ‘Cumarsáid Ghréasáin Europa’ (dá ngairtear ‘an Rialaitheoir Sonraí’ anseo feasta) in Ard‑Stiúrthóireacht na Cumarsáide eolas teagmhála a bhailiú uait trí fhoirm theagmhála a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí (seoladh URL: https://commissioners.ec.europa.eu/ursula-von‑der-leyen_en) chun pointe teagmhála a chur ar fáil duit chun teagmháil a dhéanamh le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

(a) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

Tá sé sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe Airteagal 5(1).

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?

Nuair a sheolfaidh tú ríomhphost, iarrfar ort na sonraí pearsanta a leanas a thabhairt in éineacht le do theachtaireacht:

  • do chéadainm
  • do shloinne
  • do sheoladh ríomhphoist
  • do rogha theanga teagmhála

Ná tabhair aon sonraí pearsanta íogaire mar chuid de d’fhiosrúchán, mar shampla eolas faoi do staid sláinte nó airgeadais.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun próiseáil bhreise a dhéanamh orthu.

Ní choinnítear sonraí pearsanta ach a fhad is gá gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i bhfianaise an aiseolais a chuirtear ar fáil tríd an bhfoirm theagmhála i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, agus ní choinnítear iad ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain ón dáta a chuirtear isteach an t‑aiseolas.

Cén chaoi a ndéanfaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus iad a choimeád slán?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí, agus is laistigh den Aontas Eorpach atá na freastalaithe sin uile. Cuirtear na hoibríochtaí próiseála go léir i gcrích de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. I gcomhréir leis na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Ní thabharfar an t‑eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, sin agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agat freisin, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Má thug tú do thoiliú don Rialaitheoir Sonraí le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha, is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

 

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, is é sin an tAonad ‘Cumarsáid Ghréasáin Europa’ in Ard‑Stiúrthóireacht na Cumarsáide, ag an seoladh ríomhphoist seo:  europamanagementatec [dot] europa [dot] eu (europamanagement[at]ec[dot]europa[dot]eu)

 

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION‑OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n‑oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach seo le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00083.