Is éard atá sa Choláiste ná Coimisinéirí ó 27 mBallstát den Aontas. I dteannta a chéile, toghtar na 27 gcomhalta sin den Choláiste mar cheannaireacht pholaitiúil an Choimisiúin le haghaidh téarma 5 bliana. Sannann Uachtarán an Choimisiúin freagrachtaí maidir le réimsí sonracha beartais do gach Coimisinéir.

Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch

Ceannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas

Rathúnas agus Straitéis Thionsclaíoch

An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Leas-Uachtarán

Cearta Sóisialta agus Scileanna, Poist Ardcháilíochta agus Ullmhacht

Comhtháthú agus Athchóirithe

Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus
An Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach

An Geilleagar agus Táirgiúlacht, agus
Cur Chun Feidhme agus Simpliú

Réigiún na Meánmhara

Sláinte agus Leas Ainmhithe

An Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

Cosaint agus Spás

Méadú

Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta

An tIascach agus na hAigéin

Seirbhísí Airgeadais agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta

Comhionannas
Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime

Gnóthaí inmheánacha agus Imirce

An Comhshaol, Athléimneacht i réimse an Uisce agus Geilleagar Ciorclach Iomaíoch

An Buiséad, Comhrac Calaoise agus an Riarachán Poiblí

Fuinneamh agus Tithíocht

Gnólachtaí Nuathionscanta, Taighde agus Nuálaíocht

An Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta, agus Cosaint Tomhaltóirí

Iompar Inbhuanaithe agus an Turasóireacht

Talmhaíocht agus Bia

Cothroime Idirghlúine, an Óige, Cultúr agus Spórt
Cruinnithe Coláiste
Tagann Coláiste na gCoimisinéirí le chéile uair sa tseachtain chun tograí reachtacha a phlé agus a ghlacadh, agus chun forbairtí reatha a phlé. Is gnách go dtagann sé le chéile gach Céadaoin sa Bhruiséil. Le linn sheisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, is ar an Máirt a bhíonn an cruinniú ar siúl. Is féidir le hUachtarán an Choimisiúin cruinnithe urghnácha den Choláiste a ghairm más gá, chun topaic nó imeacht ar leith a phlé.
Déanann Coláiste na gCoimisinéirí cinntí i dteannta a chéile bunaithe ar phrionsabal na coláisteachta. Is ionann tábhacht do gach duine de na 27 mball den Choláiste le linn an phróisis cinnteoireachta agus bíonn an fhreagracht chéanna ar gach duine acu as na cinntí a ghlactar.
Míreanna atá beartaithe do chruinnithe a bheidh ann amach anseo
