Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
The Commissioners

Mairead McGuinness

COIMISINÉIR (2020-2024)  

  • Mairead McGuinness
    Seirbhísí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
  • Ábhar a cuireadh sa chartlann

    Ní dhéantar nuashonrú ar an suíomh gréasáin seo a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

    Chun teacht ar eolas faoi Choláiste na gCoimisinéirí don téarma 2024-2029, téigh chuig príomhshuíomh gréasáin an Choimisiúin.

    Chun rochtain a fháil ar shuíomhanna gréasáin lasmuigh den chartlann, déan na seoltaí gréasáin (URLanna) a chóipeáil agus a ghreamú isteach i do bhrabhsálaí, agus bain an chuid den chartlann.

Freagrachtaí

  • An chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus a fheabhsú, coigilteoirí agus infheisteoirí a chosaint agus sreabhadh an chaipitil a chinntiú chuig na háiteanna a bhfuil gá leis.
  • Stiúradh a dhéanamh ar an Aontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích, go háirithe tríd an gcúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair a thabhairt chun críche agus trí Scéim Eorpach Árachais Taiscí a chomhaontú.
  • Dlús a chur leis an obair ar Aontas na Margaí Caipitil chun gurb éagsúla na foinsí maoinithe atá ann do chuideachtaí agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar shreabhadh an chaipitil.
  • An straitéis um maoiniú glas a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
  • Straitéis um Theicneolaíocht Airgeadais a mholadh chun tacú le teicneolaíochtaí digiteacha nua sa chóras airgeadais.
  • Ciste príobháideach-poiblí nua a fhorbairt a dhéanfaidh sainchúram de thairiscintí poiblí tosaigh le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide.
  • Cur chuige cuimsitheach nua a fhorbairt chun dul i ngleic leis an sciúradh airgid agus le maoiniú na ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta.
  • Cinnte a dhéanamh de go mbíonn cur chuige coiteann ag na Ballstáit maidir le criptea-airgeadraí.
  • Bonn daingean a chur faoi athléimneacht na hEorpa i leith smachtbhannaí seach-chríochacha de chuid tríú tíortha, agus sin a dhéanamh trí na smachtbhannaí a fhorchuireann an Aontas a fhorfheidhmiú mar is cuí, agus trí mhodhanna eile.

Litir mhisin

  • 13 MEÁN FÓMHAIR 2020
Litir mhisin a chuir Uachtarán von der Leyen chuig

 

Éisteachtaí Pharlaimint na hEorpa

  • 2 DEIREADH FÓMHAIR 2020
Mairead McGuinness' answers to the European Parliament questionnaire

Foireann

Tacaíonn foireann Mairead McGuinness léi lena cúraimí laethúla

M’fhoireann

Gailearaí na Meán

Féilire

Trédhearcacht

Mar chuid de thiomantas an Choimisiúin don trédhearcacht, foilsíonn na Coimisinéirí agus a mbaill Cabinet eolas maidir le cruinnithe arna reáchtáil le heagraíochtaí nó le daoine aonair féinfhostaithe.

I gcomhréir le Cód Iompair an Choimisiúin do Chomhaltaí an Choimisiúin, foilsíonn gach Coimisinéir Dearbhú Leasanna.

leagan barántúil sínithe den Dearbhú foilsithe ag bun an leathanaigh seo.

Tá leagan meaisín-inléite de na Dearbhuithe go léir foilsithe freisin. Tá an méid seo i gcomhréir le riachtanais an Chóid Iompair.

Comhlíonann na Dearbhuithe Leasanna na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinn 1 den Chód Iompair nua do Choimisinéirí.

Beathaisnéis

  1. 2020-2024
    An Coimisinéir Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
  2. 2017-2020
    An Chéad Leas-Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa
  3. 2014-2017
    Leas-Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa
  4. 2004-2020
    Feisire de Pharlaimint na hEorpa
  5. 2004-2020
    Comhalta den Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, Parlaimint na hEorpa
  6. 2009-2020
    Comhalta den Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, Parlaimint na hEorpa
  7. 2013-2014
    Leas-Chathaoirleach, Grúpa PPE, Parlaimint na hEorpa
  8. 2002-2004
    Cathaoirleach, an Painéal um Idirchaidreamh leis na Tomhaltóirí, an Roinn Talmhaíochta agus Bia, Éire
  9. 1980-2004
    Iriseoir, craoltóir agus tráchtaire

Dearbhú leasanna

  • 26 FEABHRA 2024
Declaration of interests - Mairead McGuinness